School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 399

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 399

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 399
  3. XML “Creag an Dúin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé suidhte ar an Dún, i bparoiste an Tearmoinn ar imeall an bhealaigh mhóir, ag taobh Tobar an Dúin. Tá stair arsa agus féimeamhail ag an chreig cheadna.
    Badh ar an chreig seo a chuirtí an coroin ar ríghte Thír Chonaill, ó aimsir Chonall Ghulbain; an chead Rí a cuireadh an coroin air sa Chondae, anus go dtí aimsir Aoidh Ruaidh O Domhnaill.
    Badh é Cathair Óg Ó Docharthaigh, rí Innis Eoin, an Rí deireannach a cuireadh an coróin ar (?) an Creag an Dúin.
    Tá sean Mhainistir suidhte ig Cill-mhic-nEanainn, a bhfuil trácht air sa sgéal atá ag baint leis an tÁrd Léíghtheór Ua Frighil.
    Badh é Abb na Mainistreach sin a chuireadh an Coróin ar Righte Thír Chonaill, o aimsir Cholmcille anuas.
    Chuireadh an tAbb slat saileóige chomh bán leis an tsneachta, i láimh an Riogh. Thionntóchadh an Rí thart an fíor mhullach na Creige, d'amharcódhadh ins na ceithre Áird agus é ag congbhailt greama ar an tslat bhán os coinne Clann Conaill.
    Annsin chuireadh an tAbb an coróin ar Rí Thír Chonaill.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Duibhne
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir