Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 342
- XML “Aisling”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Na mílte déag o'n chuan.
Nuair a thig an druicht ar na craobhacha
Agus thuiteas na ceadtaí 'un suan.
Mar bíos a nead ag an éan bheag,
Bíonn a' tiolar na dhiaidh sa chuach.
Cuirim-se geasaibh ar aon neach
Solus an laé, a chongbhail uaim.
(III)Bhí mé le seacht seachtmhaine ag gol,
'S bhí an arraing go mór mo chlaoidhe.
B'fhurust mo leabaidh a choiriú,
Seal tamall fan ród seo thiar.
Guidhim-se a Riogh na nDúil,
Agus go dtúgaidh-se an brón seo díom;
Is gurbh é sin leigheas na póite ar maidín
É a ol airíst.
(V)Aisling a chonnaic me a réir,
Is mé ar leabaidh agus mé na luighe;
An mnaoi ba deise no Bhenus
Le m-aise, le séimh, agus le graoidh.
Bhí a (h-oirill) ? fighte go féar leithe
Níl (taoille) ? dá mhead nach d(dtrooi) ?
Is a (Ró) ? cé ar mhisde do aon neach,
Da gcodhlann-se a réir ag mnaoi.
Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
Cuirín- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Curraoin, Co. Dhún na nGall