Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tearmonn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí lánamhain na gcomhnuidhe i bhfad ó shoin i nGleann Domhain dar b'ainm O Ceallaigh. Cha rabh aca acht aon mhac amhain agus bhí sé beagan simplidhe. Bhí a shaith saidhbhris aca agus ba ghnathach leis an fhear óg a bheith ag buachailleacht gach lá i gcois an bhealaigh mhór.
Nuair a fuair na sean daoine bás pósadh Seaghan ar chailín a bhí na chomhnuidhe comhgarach do dar b'ainm Máire Ní Dhuibhir. Aon lá amháin bhí Seaghan Ó Ceallaigh ag buachailleacht agus bhí coiste deas ag dul an bhealaigh mhór thuit mála do'n choiste. Thóg Seaghan an mala agus thug se abhaile ag Máire é. Bhí an mála lán airgid agus chuir bean an tighe i dtáisgidh go cúramach é. Lá ar na bhárach thug Máire ar a ceile é féin a coiriughadh agus dul na sgoile.
Bhí iongantas ar an mhaigistir Seaghan a fheiceail ag teacht na sgoile. Cha dtug na sgólaire móran suaimhneas do Sheaghan acht oiread

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire P. Ní hAelfeartaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Knocknabollan, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Cathal Ua Gallchobhair
Inscne
fireann
Seoladh
Loughaskerry, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Gleann Domhain