Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Oisín i ndiaidh na bhFiann

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ins an t-sean aimsir sul a dtainic naomh Padruig go tír na h-Eireann bhí dream saighdiutí ann agus cha rabh a leithead i dtír ar bith eile ar an t-saoghal mhór. La amhain bhí Oisín ag siubhal a chois na trágha thainic óigbhean dheas doigheamhail amach as an fharrge agus do thuit sé i ngrádh leithe. B'as tír na n-óg an cailín. Mheall sí Óisin ar shiubhal leithe. Cha rabh bás nó meath san tír sin acht an óige a gcomhnuidhe. D'fhan Oisín dha chead bliadhain na dheoraidhe agus sa deireadh shiar thall, ghlac Oisín smaointeadh ar theacht ar ais abhaile.
"Ma chuireann tú do chos ar talamh glas na hÉireann beidh tú do shean fheir aosda ar an bhomaite" arsan oigbhean. Bheirfidh me capall liom," arsa Oisin, "agus ní cuirim cos ar an talamh" Slán agus beannacht leat" ar 'sí acht measam nach bhfeicim thú a choidhche arís."
Thainic Oisín ar ais 'na tír féin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire P. Ní hAelfeartaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Knocknabollan, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Cathal Ua Gallchobhair
Inscne
fireann
Seoladh
Loughaskerry, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge