Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tearmonn
  2. XML Leathanach 319
  3. XML “Seán Crosach agus Bó”
  4. XML “An Tarbh Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean beo am amhain. Bhí mac amhain aca darbh' ainm Seán. Bhí tarbh beag dubh ag an mhaáthair. Bhí sí ag fághail bháis. Sul a bhfuair sí bás, thug sí an tarbh beag do Sheán.
    Phós an t-áthair arais. Bhí an darna bean an-olc dó Sheán. Cha dtug sí móran dó le h-íte. Bhí teaghlach aicí fhéin.
    Bhí Seán amuigh ag buachualleacht. Ní rabh sé ábalta an eallaigh a choimhead.
    Labhair an tarbh arais. "Cuir do láimh asteach ann mó chluas dheas," arsa'n tarbh, "agus geobhadh tú fídeog. Nuair a bhéas an éallaigh crosta, níl rud ar bith agat le deanamh ach an fídeog a shéideadh, agus rithfidh an eallaigh thart fá do chosa." Ní rabh buaidhreadh ar bith leis an eallaigh ní ba mhó.
    Ní thug an leas-mháthair móran dó le h-íthe. Bhí ocras mhór air. Thoisigh sé ag caoineadh. Tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Gairbheach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Gairbheach
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann