Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 312
- XML “Seán na mBláthanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar níos lúgha na cúig phunta. Thóisigh Seán ar an bhealach. Chá rabh i bhfád go rabh sé ag an aonach. Ní rabh sé i bhfád annsin go dtáinig fear thart, agus thug sé cúig phunta do.
Bhí fear eile ann ag díol bláth deasa. Smaointigh Seán gur mhiath leis iad a cheannacht. Suas leis. Chuir sé ceist ar an fhear cá mhéad a bhí a dhíth air. "Cúig phunta," arsa seisean. Thug Seán na cúig phunta do. Chuir sé na bláthanna i mála agus dimthigh sé 'un na bhaile.
Tháinig an mhathair amach. D'fhiafruigh sí an bhfuair sé na cúig phunta. "Chan fhuair," arsa seisean, "Ach fuair mé rud i bhfad níos deise".
Annsin tharraing sé amach na bláthanna. Bhí siad uilig marbh indiaidh a bheith ins an mhála.
Léim a áthair amach as a leabaidh agus chaith sé é amach. Chaith sé na bláthanna ins an gháradh.
Chuaidh Seán na chodladh ins an sgiobol an oidhche sin. Déirigh sé go luath ar maidin. Bhí eagla air roimhe a áthair. Chuaidh sé síos le amharc ar na bláthanna sul ar imthigh sé. Bhí siad ag fás suas ins an aer, cosamhail lé dreimire. Chuaidh Seán suas an dreimire. Annsin thainig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Gairbheach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Gairbheach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír Chillín, Co. Dhún na nGall