Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tearmonn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Sgríobhnóir, Máire P. Ní hAelfeartaigh, Cnocnabpollan

Bhí fear ann aon uair amháin. Bhí sé ina comhnuidhe i gcois na fairrge. Bhí sé ag amharc ar na badaí ag teacht isteach agus ag dul amach.
Smaointigh sé lá amháin go ndeanadh sé bád. Bhí sean crann ag fás in aice an toighe. Thoisigh sé lá amháin, agus ghearr sé an lár as, agus rinne séan bád. Tharraing sé é amach go dtí an fhairrge. D'éirigh sgáracht, agus shéid sé amach go lár an fhairrge é.
Bhí long mór ag teacht, agus chonnaic an fuireann é. Thóg siad é ar bhórd. Chuir an caiftín chéist ar an fhear "an dtiocfadh léis an long a cráthadh." Dubhairt seisean, "go dtiocfadh" agus rinne sé sin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Seamús O Riodain
Inscne
fireann
Seoladh
Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Seamús O hAelfeartaigh
Inscne
fireann
Seoladh
Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge