Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seán Crosach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear aon uair amhain ann darbh ainm Seán Crosach. Bhí rothaire aige igcomhnuidhe agus nuair a chasfaidh fear air a mbéadh airgead aige ní shileadh sé móran de'n fhear a sgaoileadh agus an t-airgead a thabhairt leis.
Ach ní rabh sé go h-olc sin ar fad. Nuair a chasadh sé ar dhuine bhocht, bheirfeadh sé cuid do'n airgid do, ach congbhóchadh sé go leor do féin.
Nuair a chualaidh sé go rabh an tóir ag teacht, thug sé leis an t-airgead amach go dtí gleann mór uaigneach atá amuigh sa "gap" atá ar taobh ó thuaidh de chnoc Srathgradhaidh. Rinne sé poll mór sa'n ghleann. Chuir sé an airgid síos in's an pholl agus sílim go bhfuil an tairgid annsin go fóill.
Bheireadh ar Seán. Cuireadh 'un na phriosúin é. Thugadh go Leithbhearr é, agus rinne an dlígheadóir amach gur ceart é a chrothadh. Déirigh Seán agus chuir sé cheist, "an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheal Ó Ceanainn
Inscne
fireann
Seoladh
An Srath Greadaithe, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Donncadh Mac Griana
Inscne
fireann
Seoladh
An Srath Greadaithe, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge