Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tearmonn
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Croc Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear beo san áit seo, tá trioca bliain o shoin, darbh ainm Domhnall Mac Fhionntaigh. Bhí sé na chomnuidhe i nDruimbric, Tearmonn, Condae Thír Chonaill.
    Trí scor bliain o shoin bhí brionglóid iongantach aige. Shamhail sé go rabh croc óir i bhfolach ins an Dún, atá suidhte ar mhullach an chnuic ar an taobh o thuaidh do Dhruimbric. Bhí an briongloid ceadna aige trí oidhche i ndiaidh a chéile. Chuala sé na sean daoine ag rádh dá mbéadh an brionglóid céadna ag duine trí oidhche indiaidh a cheile go mbéadh an brionglóid fíor.
    Chuaidh sé a luighe an ceathramhadh oidhche ach chan a chodladh. D'éirigh sé i lár na na hoidhche. Thug sé píocoid agus slusaid leis. Chuaidh sé suas go dtí an chnoc. Chaith sé de a chóta agus a bhéiste, agus thóisigh sé g'obair. Nuair a bhí sé ag obair tamall, d'amharc sé thart. Caidé chonnaic sé? Bhí a theach fhéin ar théinidh. Níorbh fhan sé ar rúd ar bith ach an sluasaid. Ríth sé síos an chnoc an méad a bhí ins
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheal O Ceanainn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Srath Greadaithe, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Séamus O Riodain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Seán Mac Gairbheach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    An Maighistir Ó Duibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)