Thig leis na daoiní beaga dochar a dhéanamh do bhó nó í a dhéanamh tinn. Ma éirigheann bó tinn agus í amuigh ag ingilt tá sé ráidhte gur "scaoil" na daoiní beaga í. Bíonn an bhó ag gnúsachtaigh agus bíonn a soc agus na h-adharca comh fuar le cloich. Tig le corr sean-duine an bhó a léígheas.
An Léigheas:-Tomhais an bhó ó bhun rubaill go bárr sróine trí h-uaire. 'Sé an gléás tomhais atá agat na ó d'uillinn go bárr na méire fada. Muna bhfaghann tú an fhaid cheudna achan uair sin cruthú gur bh'iad na daoiní beaga a bhí cionntoch i dteineas na bó. Gheibheann tú sluasaid aibhleog dearg agus cuireann tú na h-aibhleogaí thart druim ibolg na bó trí h-uaire agus fosta ó bun Rubaill go bárr sróíne. Dóigheann tú an fionnadh leis na h-aibhleogaí. Annsin geibhtear sipín cochain scaithte agus dóigheann tú é faoi sróin na bó. Gnidhtear réídh deoch min choirce annsin agus cuirtear gualach ó naoi soitheach ar an deoch. Cuirtear isteach cupla pighinn fosta ins an deoch agus bheireann tú do'n bhoin í. Ma chuireann an bhó a teangaidh in a sróin indiaidh an deoch a ól tá sí léigheasta.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »