School: An Cúil (Coole)
- Location:
- Cool Upper, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Proinnsias Ó Gallchobhair

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 20
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cúil (Coole)
- XML Page 20
- XML “Dán an Bháis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tsean-am nuair a gheobfadh duine bás ba ghnáthach an dán diada seo a rádh os comhair an chuirp. Tá sé no seacht bhéarsa ann ach níl a'n duine sa cheanntar go bhfuil an dán iomlán aige anois. Seo cuid de:-
Toisigheann an bás ag bun do choise
Agus gearrann sé leis do shaoghal go teann
Cuirtear duine fa choinne an tsagairt
Ach deirtear leis go bhfuil sé mall.
Níor chuir tú in do faoisdín leath do pheacadh
Ní dearn tú deirce ar an té bhí fann
Béidh na h-aingle romhat ar uachtar uisce
'Siad go cliste anonn 'sa 'nall
.....................................................
A's níl an anam bocht a bhéadh saor ó pheacadh
Nach seoltar é go Cuan na nGeal. srl.Róise Ní Gallcobhair, An Chruit, Ceann Casloch.- Informant
- Róise Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Cionn Caslach, Co. Dhún na nGall