Scoil: An Cúil (Coole)

Suíomh:
Cool Upper, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinnsias Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 14

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 14

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cúil (Coole)
  2. XML Leathanach 14
  3. XML “Na Daoine Beaga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    muna bhfágaidh tusa an cliabh fear bán sin arais ins na spinnce béidh fhios agat rud éiginteacht. Bhí an fear ar crith le h-eagla agus le h-iongantas ar dtúis ach anois thosuigh sé ag fagháíl uchtaigh agus d'éirigh sé dána. "Nach mise bhéadh amaideach áird a thabhairt oraibh-se," ar seisean; "geobhaidh mo bhó an féar agus 'sí is mó go bhfuil an féar a d'ith." "Maith go leor" ars na fir bheaga agus amach ar an doras leo le rása.
    Nuair a d'imtigh siad agus fágadh an fear leis féin ní raibh fhios aige an ag brionlóidigh a bhí sé nó as a mheabhar. Thug sé leis an cliabh féir agus amach 'un an bhoithigh leis. Nuair a d'fosgail sé an dhoras bhí an bhoiteach folamh agus an bhó ar shiubhal. Chuartuigh sé agus cuartuigh sé. Gloaidh se agus scairt sé an an bhó ach ní raibh gar ann; bhí an bhó caillte.
    Níor codluigh an fear bocht néall an oidhche sin ach le coingfeasgar an lae thug sé leis an cliabh féar bán, cuir ar a druim é agus níor stad sé gur fhág sé achan sifín arais ins an áit ar baineadh é. Annsin tháínig sé arais an mhaidin 'na dhiaidh sin Nuair a chuaidh sé go dtí an boiteach fuair sé a bhó arais slán sábhailte agus í ceangailte do'n staca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séarlas Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tEasán Dubh, Co. Dhún na nGall