School: An Cúil (Coole)
- Location:
- Cool Upper, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Proinnsias Ó Gallchobhair

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 13
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cúil (Coole)
- XML Page 13
- XML “Na Daoine Beaga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-fhear ina chomhnuidhe leis fhéin i Min bog tuairim ar dhá mhíle ón scoil seo. Lá amháin gheimhreadh chuaidh sé amach chun cliabh féar bán a bhaint ins na spince do'n eallach. Bhí droch gheimhreadh ann agus bhí an féar gann agus ba mhaith an éadaíl an féar bán don bhó. Nuair a bhí an cliabh lán aige bhí an clap-sholus ann. Chuir sé an cliabh ar a dhruim agus phill sé abhaile. D'fhág sé an cliabh féar i lár an urlár agus chuaidh sé féin chun goradh lámh a thabhairt do chéile ag an teinnidh sula dtabharfadh sé an fear don bhó. Ar an bomaite sin isteach le cupla fear beag ionganach i lár an urláir. Bhí cuma feirge orthu ionann go raibh siad beag suarach. Ní raibh fhios ag an fhear an raibh leaspáín ag imtheacht o'n a chuid súl nó an raibh a chuid súl ag imirt cleasa air. "Fág arais an cliabh féar bán san ins an áit a bhfuair tú é" ars an triúr acú as béal a chéile. "Cá tuighe an t-órdú sin" arsa an fear "nó cé hé sibhse go mbeadh baint agaibh le cliabh féar bán a bhí ag fás fiadhain ins na spince ?"
"Is cuma cé sin", ars (?) fir beaga ach nuair(continues on next page)- Informant
- Séarlas Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- An tEasán Dubh, Co. Dhún na nGall