Scoil: An Cúil (Coole)
- Suíomh:
- Cool Upper, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ó Gallchobhair

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 11
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cúil (Coole)
- XML Leathanach 11
- XML “Na Daoine Beaga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an t-sean-am bhí sean-bhaintreabhach na comhnuidhe léithe fhéin sa cheanntar seo. Ní fios cáidé an t-ainm bhí uirthí ach go bhfuil an teach inba mbíodh sí na comhnuidhe go bhfuil na ballógaí le feiceal go dtí an l lá indiú. Tá na ballógaí le feiceál ar taobh an bhealaigh mhóir ó'n scoil go Crannphuirt.Lá amháín bhí sí istigh ag brughadh brúitín fa choinne a dinneara. Nuair abhí an brúitín réidh aici shuidh sí síos chun bhidh. Sul ar mhothuigh (?) sí bhí fear beag 'na sheasamh i lár an urláir agus bearrad beag dearg ar a cheann.Bheannuigh an fear beag dithe agus bheannuigh sise do. "Suidh síos agus ith cupla spunnóg de'n bhrúitín" ars an bhaintreabhach leis. "Maise gura maith agat a bhean chóir," ars an fear beag biudeach, "Íosfaidh cinnte nó is fada an lá o fuair mé spunnóg brúitín."Shuidh an bheirt síos agus thosuigh an Cómhjrádh. "Maise níl aithne agam ort," arsan bhean leis. "Tá sean-aithne agam ortsa," arsa an fear beag "agus ba chóir duitse aithne a bheith agat orm nó is mé an comharsa is comhgaraighe dá bhfuil agat." "Agus cé thusa in-ainm an Rí" arsan bhean agus cá bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Séarlas Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tEasán Dubh, Co. Dhún na nGall