Scoil: An Cúil (Coole)

Suíomh:
Cool Upper, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinnsias Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 1

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cúil (Coole)
  2. XML Leathanach 1
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ór i bhfolach - (Collector - Liam Ó Gallchobhair)
    Bhí fear sa cheanntar seo i bhfad o shoin ar an dtugtar Seán Crosa. Bhaineadh sé a gcuid airgid ó na daoiní saibhre agus roinneadh sé é ar na daoiní bochta.
    Sa deireadh beireadh air agus rinneadh príosúnach de. Sé an breithiúnas a fuair sé na é a bheith crochta. Nuair a bhítear a chrochadh dubhairt sé, 'an bhfuil duine ar bith anseo a bhfuil Gaedilg aige?' Sé an freagra a fuair sé go raibh. 'Tá lán croiceann searraigh d'ór' ar seisean ' ar cnoc loch na sailte' 'agus an dóigh a bhfuighidh sibh é na suibhail libh suas an cnoc agus nuair atá sibh ar amharc loch na sailte agus an fhairrge mhór san bhomaire cheanna tá an t-ór faoi bhur geosa'
    An fear a raibh an Ghaedilg aige agus a thuig na focla a dubhairt sé tháinig sé go cnoc loch na Sailte. Chuartaigh agus cuartaigh sé ach ní bhfuair sé gach. Sa deireadh chuala muinntear na háite (muinntear mo cheannair féin) fán ór. Chaith siad laetha ag cuartughadh ach ní raibh gar ann. Is iomaidh duine ó shoin a sheasaigh ar an cnoc chéadna ag iarraidh na háite a fhagháil go bhfuil loch na Sailte agus an fhairrge mhór le feicéal san am cheadna ach ní bhfuair an duine arainh é .Tá an -ór annsin go fóill agus beadh sé i bhfolach annsin go dtigidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tEasán Dubh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séarlas Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tEasán Dubh, Co. Dhún na nGall