Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Ná Siógaí agus an Pota Bracháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fanacht aice go dtí go dtiocfadh siad san ar ais. Gidh go rabh sé in a chuibhreann fhéin, níor aithin an fear bocht cá h-áit a raibh sé leis an seogan a thainig air. Ghearr sé an crois ceárta thart fa dtaobh dó-fhéin agus an beathach, ar chaoi ar baoi agus le sin thuit sé in a chnap chodhladhta. Fuair a dhearbhráthair ansin ar maidin é féin agus an beathach. Thug sé leis abhaile é a's é 'na chodhladh rith an ama. Chuir sé i luighe é ach nuair a mhusgail sé ní raibh sé abálta labhairt. Ní raibh fhios ag a dhaoine cáide a thainig air, ar chor ar bith, a's bhí go leór ionganthais agus bróin ortha.
    Bhí sé mar seo dhá bhliadhain. Oidhche amháin, bhí a dhearbhráthair amuigh ag siubhal ins an pháirc in deas oo'n chrann chaoran. Mhothuigh sé cainnt in aice leis a's seo iad na focla a chualaidh sé. "Dhá bhliadhain 'san oidhche anocht" arsa duine de na sidheóga, "a d'fhág muid an fear atá 'na chomhnuidhe 'san teach sin thall gan cainnt, cionnus nach dtabharfadh sé an beach dúinn". a rabh sé ag marcuigheacht air. "Seadh, do dearbhtha" arsa duine eile aca, "agus dá mbéadh fhios ag a duine aca síos go dtí an fhairrge agus an pota bpáchain atá i bhfolach leis an Chró bheag ag béal an tsrútháin mhóir a thabhairt leis abhaile cúid do a théidheadh agus é a thabhairt le h-ól do'n fhear gan cainnt, bhéadh biseach air." D'imthigh an fear a bhí ag éisteacht síos go dtí an fhairrge go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall