Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 331
  3. XML “Cailín Chlochán Liath agus an Salann”
  4. XML “Maolmurdha agus Mac an Bháird”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lúdhbhaigh. Bhí a daoine amuigh a cuartughadh a’s bhí lúthmhar mór órtha, cinnte, nuair a fuair siad sgéala. Thainig a h-athair fa na coinne gan mhoill. Bhí an sálann léithe rith an ama a’s deir na seán-daoine gur sin an rud a shadhbhail í g’an a bhéith báidte, nó marbh ar doigh eiginteacht eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Maolmurdha a’s Mac A Bháird.
    Bhí fear i gCaisleáin na Duthaibh i bhfad ó shoin dar b’ainm dó - Maolmurdha an Bhata Bhuidhe. Droch - fhear ar fad, do bhí ann agus bhí fuath ag ‘ach a’n dhuine air.
    Chuir sé sgéala chuig fear dar b’ainm Mac A Bháird, ag rádh go rabh gnóithe aige leis. Thainig Mac A Bháird a’s thug Maolmurdha leitir dó. D’iarr sé air a dhul chuig fear uasal a bhí in a chomhnuidhe in aice an Chaisleáin agus an leitir a thabhairt dó. Linne Mac A Bháird amhláidh. D’oscail an fear uasal í a’s léigh sé do Mhac A Bháird í. Dubhairt sé leis nach raibh sgéala ró-mhaith innte dó. “Tá tú le crochadh annseo” arsa seisean le Mac A Bháird. “Báil!”, arsa Mac A Bháird, “tá sin olc go leór acht níl neart air”. Dubhairt an fear leis, annsin. gealltanas ar bith a déirfeadh sé (Mac A Bháird)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.