Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 330
  3. XML “Cailín Chlochán Liath agus an Salann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Samhraidh a bhí ann agus bhí sé ag éirighe dorcha nuair a d’fhág sí an siopa. Thainig seachrán ar an cáilín bhocht a’sshiubhal sí léithe, i gcomhnuidhe ag déanamh go raibh sí ag tarraingt ar an bhaile. Máidin lá ar na bharach bhí sí i bh’fós i nDoirea’schlaidhe, indiaidh déich míle a’s fíche a chur thairstí, nuair a bhí an ghrian ag éirighe. Bhí bean i nDoirea’schlaidhe in a siudhe le h-éirighe na gréine fa choinne na ba a chur ar fhéar róimhe am blighe. Chonnaic sí an tachrán ag dul fríd na h-árdáin agus bhí iongantas uirthe cionnus nach raibh an cailín ag teacht isteach. Chuaidh sí amach agus chonnaic sí í ag tarraingt ar loch an Ghleanna. Rith sé ‘na diaidh a’s fuair sí greim ar an chailín agus d’iompair sí isteach ‘na tighe í. Thug sí braon bráchan duithe agus cha raibh sin ólta aici i gceart nuair a thuit sí ‘na chodhladh.
    Chodhlaidh sí go dtí an déich a chlog an oidhche sin. Nuair a mhusgail sí cha raibh fhíos aici cá h-áit a rabh sí. Cheistinigh fear an toighe í agus bhí sí abálta innse do cá h-áit ar b’ as í agus ‘ach a’n rud mar sin, ach cha rabh fhíos aici fhéin no ag aon duine saoghaltá cáide mar fuair sí na deich míle a’s, fiche thairslí i sé n-uair. D’imthigh fear Doirea’schlaidhe ar dhruim bhéithigh go Cill Mhic nÉanain a’s d’innis sé an scéal do. Scríobh séisean chuig Sergeant Dhún
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall