School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 321

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 321

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 321
  3. XML “Cogadh na Scádain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí seal ann i bhfad ó shoin agus ní rabh sgádain ar bith le fághail ar choastaí na h-Éireann. Stad na h-iasgairí do dhul amach mar nach rabh le faghail acu acht bric.
    Bhí fear 'na chomhnuidhe ins na Rosaibh ar bhealach bheag a bhí ag dul ó bhealach an chonndae síos go dtí'n fhairrge. Ní raibh teach ar bith eile a chomhair acht é fhéin. Oidhche amháin, thainig siubhal mór daoine ar an chasán seo. Thosuigh siad ag crúinniughadh isteach go teach an tseánduine a's bhí sé go lan 'sa deireadh do dtuitfeadh bíoran ó bharr an tighe thuitfead sé ar cheann duine. Acht ní raibh i bhfad gur thosuigh siad ag dul amach arís. Bhí ionghantas mór ar an tséanduine cinnte nuair a chonnaic sé daoine annsin a raibh sé ag na bhfaire agus ag na dtórramh. D'imthigh siad uilig amach acht an fear déireannach. D'fhán seisean agus d'innis sé do'n fhear go raibh cogadh mór le bheith thíos ar an gainimh toir bunadh na h-Éireann, a's bunadh na h-Álbain. Deir sé, "Ma bhaineann na h-Éireannaigh, béidh sgadáin go leor le fághail [a's chá bhíonn maith do na h-iasgairí dhul amach] acht ma bhaineann na h-Álbannaigh ní bhíonn níos mó sgádain le fághail a's cha bhíonn maith do na h-iasgairi 'dhul amach."
    Nuair a d'éirigh an seánduine ar maidín, chuaidh sé síos go dtí'n traigh agus bhí drámhalta mhór 'san ghainimh. D'imthigh sé a's d'innis sé an sgéal do na h-iasgairí. D'iarr sé ortha a dhul amach agus rinne siad amhláidh. Ní raibh i bhfad go rabh a aingheacha lán. Thosuigh na h-iasgairí uilig annsin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall