Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Fear na Rósaibh agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chomhnuidhe i bhfad ó shoin ins na Rósaibh i dTirchonaill. Ní raibh an duine beo aige acht a mháthair. Ní raibh aige de mhaoin an tsaoghail acht bó agus beathach acht, ma raibh fhéin, bhí suaimhneas maith inntine aige.
    Oidhche amháin Samhraidh, bhí sé amuigh ag cuartughadh an bheithigh. Chualaidh sé cainnt in aice leis. Seo an chainnt a chualaidh sé. "Beathach domhsa; beathach domhsa; beathach domhsa." Nuair a chualaidh séiseán seo, dubhairt sé na focla ceadna. Ní ba luaithe bhí siad ráidhte aige, ná bhí sé ag marcaideacht ar bheathach a's ás go bráth leis agus na sidheóga in a chuideachta. Tharla sé go dtainig siad go teach ina raibh cuideachta Báinfhéise, nuair a bhí siad tamall ag siubhal. Thuirling siad do na béithigh agus d'iarr na sidheóga ar an fhear a dhul isteach agus cúrsa damhsa ' thabhairt do'n mhnaoi óig a pósadh. Rinne an fear amáideach mar a h-iarradh air. Ní ba luaithe na tosuigh sé a damhsa léithe i lár an úrláir nó thuit sé marbh ag a chosa. Thosuigh an troiblóid annsin agus thainig eagla mhór ar an fhear. Chuaidh sé amach aráis arís. Bhí na sidheóga réidh le bhéith i gceann siubhal agus bhí a bheathach réidh fá na dhéin-san fosta. Dubhairt siad (na sidheóga) go dtiocfadh iongantas mór air nuair a chonnaic sé an bhean a fuair bas ins an teach leis ar a chúlaibh anois agus í
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall