Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Cé’n dóigh a bhfuil an fhairrge anois?” “Och”, arsa Neansaí “tá boballaigh mára ins an bháisín mar a bhíos ins an tsruthán lá iongantach fluich”. Thoisigh an tsean chailleach ag siubhal thart timcheall an bhotháin arís agus arís, agus scáirt sí ar Neansaí an dara h-uair agus ar sise “An bhfuil athrú ar an fhairrge anois?” D’amharc Neansaí síos ar an bháisín agus ar sise “Tá an t-uisge ag beirbhín agus ag brúchtáil cosamhail le tuille ins an abhainn agus tá sé chomh dearg le fuil. Agus tá an cupán beag ag luasgadh ó thaoibh go taobh”, arsa Neansaí agus scannradh in-a glór. Chuaidh an t-sean chailleach ag siubhal thart an treas h-uair agus scairtigh sí ar Neansaí ar [lús]? arís cé’n dóigh a raibh an fhairrge. “Och”, ars an ghirrseach “tá an t-uisge i n-éirghe i n-áirde cosamhail le tonnracha Trágha Móire agus cá an báisín fhéin ag corrughadh ar an urlár amhail is dá mbéadh sé beo. Agus cluinim caoineadh agus o snaighil amhail is dá mbéadh duit i bpéin. Agus anois tá an cupán bun ós cionn ins an uisge”, arsa Neansaí. Le sin leig an tsean chailleach rachtáil gáirí aistí agus scáirt amach go h-árd “Tá an lá liom. Tá mo [ráimhde]? gaibhte agam sa deireadh”. Agus as go bráth léi(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Eiteagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glenree, Co. Dhún na nGall