Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 310

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 310
  3. XML “Carraic 'ic Suibhne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i n-a chomhnuidhe i Mín Lárach agus Seán ’Ac Suibhne an t-ainm a bhí air. Bhí cruit mhór air agus lá amháin chuaidh sé go h-Aonach Samhna i gCill Creinne nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé dorcha agus bhí sé ag cur. Sheas sé cúpla bomaite ag an Charraig agus annsin chuala sé glór beag ag ceol “Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt”. “Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin,” arsa Seán. Annsin chuala sé na síoganna a rádh le n-a chéile “Cé h-é an fear maith sin a chuir focal nua le n-ár n-ámhrán?” Tháinic fear beag amach agus fuair sé greim láimhe ar Seán agus dubhairt sé go dtabharfadh sé rud ar bith dó a d’iarrfadh sé. Dubhairt Seán gurbh fhearr leis go mbainfeadh siad an chruit de n-a dhruim ná airgead ar bith. Chomh luath is bhí an focal ráidhte aige bhí sé chomh díreach le feagh, gan cruit ar bith agus chuaidh sé abhaile le croidhe éadtrom. Nuair a chonnaic a mháthair bhí lúthgháir uirthi. Bhí cuid mhór daoine ins an teach nuair a tháinic Seán isteach. “Cá bhfuil do chruit, a Sheáin?” arsa siad-san. D’innis sé Seán dóibh caidé mar a d’éirigh leis. Bhí fear eile in-a chomhnuidhe ar an bhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0503: The Gifts of the Little People
    Teanga
    Gaeilge