Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Scéal fá Oileán Thóraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal fá Oileán Thoraighe
    Fad ó shin bhí stoirm mhillteanach thart fá chladach Thír Chonaill agus báthadh a lán daoine fad a mhair sí. Nuair a bhí sí thart fuarthas seacht gcorpanna n-a luighe ar chladach thiar Thoraighe, seisear fear agus bean amhán. Chruinnigh muntir an oileáin uilig i gcuideachta a chéile go bhfeicfeadh siad caidé ba cheart a dhéanamh leis na corpanna. Dubhairt cuid de na daoine nach mbeadh sé ceart iad a chur sa roilig nó b'fhéidir nach raibh siad 'n-a gcríostaithe. Dubhairt cuid eile gurbh fhearr iad a chur ar thalamh an oileáin. Chuir beirt nó triúr suas dó sin ach fá dheireadh thiar thall rinneadh uaigh agus cuireadh na corpanna isteach inti agus druideadh arís í. Maidin lá thar na bhárach fuarthas corp na mná n-a luighe taobh amuigh den uaighe. Smaointigh daoine gurab iad an bheirt nó triúr nach raibh sásta na corpanna a chur ar an oileán a rinne seo. Cuireadh an corp isteach san uaigh ar áis arís agus druideadh an uaighe an dara h-uair. Le bánú an lae, lá thar na bhárach chonnachas an corp ar bharr na talmhan ar áis arís. Tógadh é agus cuireadh fén chré arís é agus fágadh beirt nó triúr le n-é a chomhead an iarraidh seo. Ach tharla an rud chéana arís. Nocht an corp ar an talamh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. Nic Greagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glenree, Co. Dhún na nGall