Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Scéal Iascairí na nDúnaibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus d’iarr sé ar an fhear a chaith amach an sgian dul amach sa churrach in a chuide achta. Níor chuir an sean-fhear suas dó agus d’imthigh an beirt amach ins an churrach. Char stad siad go dtáinic siad go h-oileán nach bhfaca an sean fhear ariamh roimhe. Annsin léim an stráinséar amach as an bhád agus d’iarr sé ar an fhear eile teacht in a dhiaidh. Shiubhail sé leis suas go dtáinic sé go dtí uaimh agus isteach leis. Lean an fear eile é agus ní i bhfad go bhfaca sé sean fhear in a shuidhe ag an teine agus sgian i bhfástódh in a chois. D’aithin an t-iasgaire gur abí an scian chéadna a chaith sé amach ins an fhairrge í. D’órduigh an fear a thug go dtí an t-oileán é, d’órduigh sé dó an sgian a bhaint amach as cois an fhir eile. Rinne an [?] iasgaire seo agus nuair a bhí sé déanta bhagair an fear eile air gan a léithead a dhéanamh arís ar ór nó ar airgead nó dá ndéanadh go mbéidh daor air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Eiteagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glenree, Co. Dhún na nGall