Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Stairiúil”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fir de'n obair ag líonadh isteach na creafoige san uaigh. D'fan an cat sa bhall cheadna ar an chlár ar feadh dhá uaire. Annsin d'imthigh sé ar amharc isteach sa chré arís. Do líonadh isteach an uaigh agus d'imthigh na daoine leóbhtha na bhaile agus nuair abhí an duine deireannach taobh amuigh de'n gheafta shuidh an cat mór dubh ar bhárr na h-uaighe.
    Ar feadh 30 bliain - an t-aos a mhair an fear óg seo Mac Daibhid - níor leig (?) an eagla d'a bhean chéile ghabhail chomhair a uaighe le n-a cuid urnaighthe a rádh thar é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 1) Tá an céachta adhmad le fághail annso go fóill
    2) Tá luaidairí go leor sa cheanntar seo go fóill.
    3) Fuair an Scríobhneóir ar an 30.3.36 bró i gcuibhreann sa Chloigean (C'Airt). Tá sé sábhailte go maith fós.
    4) Do ghníodh siad roithleáin as coroiceannt na ndrseóg fadó thart fá seo.
    5) I gcuibhreann eile i gCloighean fuair an sgríobhneóir bonn chopair dá tuighthe 1636.
    6) Tá rinn saighde deanta de chloich i seilbh Sheán Mic Eiteagáín, Gleann Ríogh. Fuair sé i sa talamh ag an Sean Dún i-n Átha Dá Chóir. Scríobhtar tuilleadh roimhre (?)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge