Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gurabh é seo an áit a bhfuil an [cú]? curtha agus gurab é san ait eile an Rí lugtar an t-ainm “leaba an fhir mhóir” ar seo. Thainig Maol Murchadha an bhata Bhuidhe as Caisleán na dTuadh leis na h-uaigheanna seo a thógailt ach chuir na Fir Sidhe an [tóir]? air.
13b. Tá leaba Diarmuid ‘s Grania le feiceál go fóill comhgárach de Loch na Droma idir Carraig Airt agus An Craosloch.
13c. Tá ceann eile i gcnoc Carn na nGabhar dá mhíle slighe uaidh seo shuas.
13d. Tá “scallán” i gCarn na nGabhar fosda.
13e. Tá sean [uancha]? sa cheanntar seo go flúirseach . Ceann i gCloigean (Dun Mór) agus ceann I gCoill. 4’X3’ ag dul isteach go doimin ins na Carraigeachaibh
16. Do mhair “An Boc Glas” (duine do chlann Ó Gallchobhair) i nGleann Oirtheas. Bhí réim niór aige agus chuinnigh sé daoine Carraig Airt ‘s Gleann Ríógh i gcrítheagla i [dtolamh]? Mharbhuigh sé agus a chuid fear [Evans]? duine saidhbhear a bhí n’a chómhnuidhe i nGleann Ríogh ar son a gcuid [airgí]? Tá fothasacha do theach [Evans]? le feicéal i nGleann Ríogh(leanann ar an chéad leathanach eile)