Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Eoin Mac Giolla Bhrighde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dtainig buille ar an doras. D’éirig Eóin ag rádh leis féin. “Nach mall a thig mé a theachtaire”. D’fhosgail sé an doras. Bhuail isteach chuige spailpín mór fada [d’fhear]? Sín sé leitir chuig Eoin. “Seo litir uaidh do mhaighistear le dhul [an]? oileain [ur]? léithí”. I gcionn bomaite chuir Eoin cuma ar féin agus d’imthigh leis.
    Siubhal leis gur casadh buachaill bó air ag aodhaireacht a chuid ba. “Go mbeannuigh Dia duit, Eoin ‘ac Giolla bhrighde”, dubhairt an buachaill bó. “Dia’s Muire duit”, arsa Eoin. “Aithnigheann achan nduine mise ach chan aithnighimse duine ar bith”. “Chá bhfuil tú ag gabhail an tracht seo oidhche?” “Táim ag gabhail [ún]? Oileain Ur le litir do mo mhaighistear. An seo an bealach? “Seadh Siubhal leat sias direach mar seo”
    Shiubhal com leis go deachaidh go bruach na farraige. Chonnaic sé corr ghlas n-a seasamh ar a leath chois síos ar a’ tráigh. “Go mbeannuigh Dia duit, a Eoin ‘ac Giolla bhrighde”, arsan Chorr Ghlas. “Dia ‘s Muire dhuit”, arsa Eoin. “Aithnigheann achan nduine mise ach chan aithnighim se duine ar bith”. “Ca bhfuil do thriall”, arsa Corr Ghlas. “Táim ag gabhail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Michéal Eoin Mac Giolla Chearra
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Dhún na nGall