Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Eoin Mac Giolla Bhrighde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Eoin Mac Giolla Bhrighde.
    Bhí Eoin Mac Giolla Bhrighde ‘na bhuachaill oibre ins na tuathaibh ag fear uasal a dtug siad Séamus Taffe air. Bhí Eoin pósta agus ní rabh aige ach é fhéin agus a bhean Mairéad.
    Bhí sé lá amháin amuigh ag baint préataí. Thainig an maighistear amach annsoir. Thoisigh siad ag cainnt fa bhrionglóidí. Dubhairt Eoin nach dearn sé brionglóid nó aisling ar bith ariamh agus gur beidh mhaith leis ceann a dheanamh. “Má ghníonn tú mar iarrfaidh mise [osit”]?, dubhairt an maighistear leis. “Cha ngeóbhann tú [gonc”]? “Dheanfaidh agus fáilte”, dubhairt Eóin. “Nuair a rachfa abhaile anocht, tarraing anall an teine agus déan do leabaidh in a h-áit. Rachaidh mise i mBannaibh duit go dtiocfaidh brionglóidi go leór chugat roimh an mhaidin”. Nuair a thainig Eoin na bhaile thoisig sé a’ tharraingt anall na teineadh agus shaoil a bhean go rabh sé ag gabhail as a chéil. Mhínigh sé duithe caidé bhí sé ag gabhail a dheanamh.
    Rinne Eoin a leabaidh i n-áit na teineadh. Cha rabh sé i bhfad na luighe go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Michéal Eoin Mac Giolla Chearra
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Dhún na nGall