Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mineocaidh siad ort gur dhíol tú d’anam
leobhtha go minic ar fad do shaoghail.
V11.
Tiocfadh [mucheal]? as an Flaitheas,
A’s leabhar an bheatha leis in a láimh
Gheobhaidh tú sgríobhtha síos do pheacaidhe
O’ lá do bhaiste go huair do bháis.
V111
Má rinn tú caraid ariamh do Mhuire
Tiocfadh sí cugat ag uair do bháis
Gabhaidh sí go cruaidh do leith-sgeil,
Go bhfághaidh tú maitheannas ó Riogh na Grás.
X1X.
Cholann bhoicht shonn traigh, shonn traigh mhallaigh,
[‘S]? mo chreach gear gur rugadh thú ariamh,
D’fhág tú mé go giorraidhe i iachlar Ifrinn
Deasbhaidhe nar choinnigh tú creideamh na réir?
X
“Is breaghtha thú” a deireas an colann,
“Ca dearn mise olc o’ [scárodhtú]? liom
D’fhág tú mé gan lúgh gan tapaid,
Mo smolach bocht caithte ‘s mo cúamha lom”.
X1
Scarfaidh na díse ó na chéile.
Cuirtear an colann cleithe san uaigh,
Imthiochuidh an t-anam bocht ag screadaigh
‘S é eile go leir comh dhubh le gual.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Nic Ghiolla Brighde
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90