Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Scéal - Cúirt agus Cathair i gCuibhreann Dell”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    s’an Chuirt a thógas mo chos-sa”. Chuartuigh siad é agus ní thiocfadh leobhtha é a fhághail agus annsin dubhairt siad leis gur sin trí folach maith. “Anois”, arsa fear an Chuirt “tá mise ag gabhail a dheánamh trí foach anois agus mar bhfuighidh tusa mé ins na trí folach ní bhfuigidh tú h-ubhlaí”.
    Chuaidh an mac síos fhad leis an chlibíneach agus d’innis sé do go gcaithfeadh seisean fear o’n Chuairt a fhághail i dtrí fholach anois, agus mar bhfuighidh mé é ins na trí folach ní bhfuighidh mé na h-ubhlaí”. “Anois” arsa an clibíneach “tá cailín astoigh i seomra sa Chuairt agus tá sí (trí) ag fuaghal ag iarr thusa uirthí an t-snathad a thabhairt le rud beag a fhuaghal agus nuair a bhéidheas tú ag fuaghal abair leis an chailín go bhfuil rud éiginteacht astoigh i gcnó na snathaidhe agus toisigh phiocadh agus gheobhaidh tú an t-óganach astoigh i gcnó na snathaide.
    Chuaidh sé suas sa’n t-seomra a rabh an cailín ann agus d’iarr sé an t-snathad uirthí le rud beag a fhuaghal, thoisigh sé a phiocadh ar chnó na snátaide agus fuair se fear an Chuirt istoigh i gcnó na snathaide. “Tchím” arsa fear an chuirt “tá tú maith ag cuartughadh. “Acht anois” adeir sé “tá agat le mé a fhaghail i dha folacht eile agus muna bhfuighidh tú mé ní bhfuighidh tú na h-ubhlaí, agus d’innis sé dó cáide mar bhí. “Anois” arsa an Clibineach “tá dhá fhear ag bualadh chochain le dhá shuaiste i sgiobal thios annsin, agus nuair a bhéidheas tú thíos iarr ortha an suaiste a thabhairt duit le rud beag a bhualadh, abair thusa go bhfuil rud éigintheacht contrailte le ceangailte an t-súiste, agus gheobhaidh tú an t-óganach istoigh i gceangailte an t-suiste. Chuaidh sé suas go dtí an áit a rabh na fir ag buaileadh ann agus d’iarr se súiste ar fear [eile]?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0329: Hiding from the Devil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Naos Mac Láithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall