Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 281
- XML “Scéal - Cúirt agus Cathair i gCuibhreann Dell”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Anois” arsa an clibíneach leis. “Nuair a rachas tú fhad leis an Chuirt béidh siad ag fiafruigheadh diot caidé do ghnoithe. Innis thusa go bhfuil tú ag teacht fa choinne na n-ubhlaí le do áthair a léasughadh” Chuaidh an mac seo suas agus fiafruigheadh de caidé a bhí a dhith air. Dubhairt seisean go rabh sé ag teacht fa choinne na n-ubhlaí le na áthair a léasaghadh. “Anois” arsa an fear a bhí sa Chuirt caithfidh tú trí folach a dheánamh agus ma gheibhim sa thú ins an ceann de na trí folach ní bhfuighidh tú na h-ubhlaí.
Thainig an mac anuas fhad leis an clibíneach agus d’innis sé do caidé mar bhí. “Anois” arsa an clibíneach tarraing fiacal amach as mo charr-sa agus seasuigh fhéin astuigh ann a h-áit, agus níl an fhear no an bhean san Chuirt a fhosglochas mo bhéal-sa. Tháinig siad a chuartughadh agus ní thiocfadh leobhtha é a fhághail [chím”]? arsa fear an Chuirt gur sin folach maith. “Anois” arsa fear an Chuirt “tá dá fholach éile agat le deánamh agus ma gheibhimsa tú ins an cheann (de’n) de’n da fholach ní bhfuighidh tú na h-ubhlaí”.
Chuaidh sé síos chuig an clibíneach agus d’innis sé do caidé dubhairt leis. “Anois” arsa an clibíneach “téidh thusa isteach in mo chluais-sa, agus níl an bhean no an fhear sa’n Chuairt [?] gheobhas thú”. Thoisigh siad a chuartughadh agus ní thiocfadh leobhtha é fhághail. “Thchim” arsa fear an Chuirt, sin folach maith éile, acht tá [í]? bhfuighidh tú na h-ubhlaí” Chuaidh sé síos agus d’innis sé d’e’n clibíneach caidé mar bhí.
“Anois” arsa an clibíneach “tóg mo chos agus deán [ll]? síos faithe agus seasuigh féin thíos san pholl agus annsin [arfidh]? mise mo chos do mhullach agus níl an fear no an bhean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Naos Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall