School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Page 280
- XML “Scéal - Cúirt agus Cathair i gCuibhreann Dell”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bliadhain d’aois agus béidh sise abálta níos mó a innse duit na mise”. D’éirigh sé ar maidín lá thar na bharach agus shiubhail sé leis ar feadh an lae go dtí go rabh an oidhche ann. Ag teacht na h-oidhche chonnaic sé solus giota maith uaidh. Tharring sé ar an t-solas. Bhí sean-bhean ina suidhe sa chlúdaigh, agus bhí dhá fhiacal aici comh fada le maide briste.
D’fhiafruigh sí do caidé bhí air. Dubhairt seisean go rabh a áthair tinn agus gur dhubairt fear bocht leobhtha nach rabh a dhath le é a léasughadh acht ubhlaí a bhí i gCuirt agus i gCathair i gCuibhreann Dell. D’iarr an sean bhean seo air a ghabail síos chuig an stábla a bhí thíos ar an taoibh thíos de’n teach agus go rabh léar beithidhigh láidre ann, agus go rabh sean clíbíneach leithidhigh i gcúl an dorais. “Agus” ar sise leis an mac “na tabhair leat aon cheann acht an clíbíneach seo”. Rinne an mac mar h-iarradh air. Chuaidh sé síos agis tharraing amach an clibíneach seo.
Chuir sé diallaid agus srian air agus chuaidh sé a mharcuidheacht air. “Anois” arsa an beathadhach “Mara bhfuil tú in do mharcach mhaith tuitfidh tú de mo dhruimm-sa, mar go bhfuil againn le ghabhail fríd seacht míle de uisge agus seacht míle de leomhan craos. An chéad léim a bhearfas mise, béidh sé seacht míle ar fad. Thug an clibíneach an léim agus dubhairt sé leis an mhac gurbh é an marcach a bh’fhearr a chonnaic sé ariamh. Thug si an dara léim fríd seacht míle de leomhan craos agus dubhairt sé leis “maith thú”. Shiubhail siad leobhtha annsin go dtáinig siad fhad le Cuairt agus Cathair i gCuibhreann Dell.
Chuir sé an sean clibíneach isteach i stábla(continues on next page)- Collector
- Naos Mac Láithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall