Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 256
- XML “Maol Muire agus an Gobán Saor”
- XML “Cathoireach Cábann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an Ghoban t-Saor gur fhag sé ins an bhaile é. Annsin thug an bhean a mac do Mhaelmordha arais agus dimthigh an bheirt acu chun an bhaile. Char chuir siad buaidhreadh ar bith ar an Ghoban t-Saor ní ba mhó.
- Cathoireach Cábann.Bhí fear i bhfad ó shóin a dtugadh siad Cathaoireach Cábann air. Tháinig sé isteach oidhche amháin chúig bean agus d’fhiafruigh sé dé cáide an t-ainm a bhí air. Tá mo ainm faoi mo thóin agus mo shloinne fá mo mhuinéal “A Chathaoirigh Cabann” míle fáilte romhat. Dá mbéadh a dhath tairsing agam duit bhruithfinn dornán preataí duit. “A bhean chroidhe bruith thusa na preataí agus tairsing liom fhéin”.
Nuair a chuaidh sé a ithe na preataí dubhairt bean a tóighe shíl mé go rabh tarrsing leat fhéin. A bhean chroidhe is maith an tairsing an t-ocras. Nuair a bhí sé ag gabhail a luighe chá rabh béarla ar bith aicí le é a chur a luighe Chuaidh sí amach fá choinne comharsanach mná le é a chur a luighe. Tháinig sí sin isteach agus labhair sí leis mar seo. “To bed, to bed a dhuine chóir”. Tá sé ‘na luighe anois agus níl oiread béarla ins an Mhálainn bhig, nó ins an Mhálainn mhóir agus chuirfeas na shuidhe á ar máidín amaras” arsa bean a toighe.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Luadhóg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall