Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 254

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 254

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 254
  3. XML “Scéal - Na hUaisle agus an Seanduine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    maith go leor arsa fear an toighe osta. D'imthigh an buachaill bo agus a thri chomhraduidhe na bhaile.
    Thainig siad chuig an bhuachaill bo la ar na bharach arais agus d'fhiafruigh siad de caide a ghlacfadh se ar a hata. Dubhairt seisean gur cead punt a ghlacfadh se air. Thug siad cead punt do air agus thug siad leobhtha e. Thainig siad chuige la ar na bharach arais agus d'iarr siad air a ghabhail fa choinne "tract". Chuaidh se leobhtha. D'iarr fear de na h-uaisle an deoch agus nuair a bhi an deoch olta tharraing se an sean hata amach as faoi a chota agus dubhairt se, "This aul hat will pay for all". Ni iocfaidh leoga arsa maighistir an toighe osta.
    Shil siad nach rabh maith ar bith ins an t-sean hata nios mo agus chuaidh siad na bhaile. Nuair a bhi an buachaill bo amuigh ar maidin la ar na bharach thainig siad chuige ag iarraidh a gcuid airgid agus thug siad an sean hata do. Dubhairt an buachaill bo nach rabh an t-airgead aige anois, agus nuair a thainig siad arais chuige la ar na bharach ni rabh se feiceal agus cha'n fhacaidh siad e on la sin go dti an la indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamús Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall