Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Scéal - Na hUaisle agus an Seanduine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhi seandhuine uair amhain agus biodh se amuigh ag buaicheallacht. Bhi uaisle in a gcomhnuidhe ins an ait a rabh se agus bhiodh siad ag cainnt leis gach la. Chaitheamh an fear seo sean hata a bhi uilig strocaighe. Bhi gruaig an fhada air agus bhi si ag fas amach frid an hata ins an ait a rabh na poill air. Bhiodh na h-uaisle ag fiafruigh do cad chuige nach gcuirfeadh se paiste ar an hata.
    Chuaidh an fear isteach i dtri toighthe osta agus d'fhag se cuig sgillinge i ngach ceann aca. Thainig na h-uaisle chuige la ar na bharach arais agus bhi failte mhor aige rompa. D'fiafruigh se dobhtha an rachadh siad fa choinne deoch leanna. Thug siad buidheachas do agus dubhairt siad go rachfadh. Chuaidh an triur aca leis an bhuachaill bo go dti an teach osta agus d'orduigh se deoch de'n triur fear uasal. Thug fear an toigh osta deoch de'n triur agus nuair a bhi an deoch olta aca bhuail an buachaill bo a hata sios ar an chuntar agus dubhairt se, "This aul hat will pay for all". Ta sin ceart arsa fear an toighe osta diolfaidhe an sean hata ar a shon.
    D'fhag siad an teach sin agus chuaidh siad isteach ins an dara teach osta agus fuair an buachaill bo tri dheoch eile dobhtha agus bhuail se a hata sios ar an chuntar agus dubhairt se, "This aul hat will pay for all". Maith go leor arsa fear an toighe osta. D'imthigh an buachaill bo agus a chuid comraduidhe amach agus chuaidh siad isteach i dteach osta eile. Fuair se tri dheoch leanna agus nuair a bhi sin olta bhain se de a hata agus dubhairt se, " This aul hat will pay for all". Ta sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamús Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall