Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “Scéal - An Clibíneach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go gcaithfeadh siad a luighe sa’n cáislean sin thall anocht. Bhí lúthghair mhór ar na dearbhrathaireacha ar a chluinstin seo dóbhtha. Nuair a tháinic an oidhche chuaidh siad amach sa’n chaislean a luighe. D’iomchar sí an mac a b’óige amach idir a dá láimh, agus dubhairt sí leis gur seo an t-am deireannach a n-iomchrochadh sí amach é.
    Nuair a d’fhág a mháthair istigh é d’innis sé do na chuid dearbhraithaireach cáide a bhí a mháthair ag gábhail a dheanadh leobhtha. Ní thabharfadh a chuid dearbhrathaireacha isteach do, ar chor ar bith, “acht” arsa “tá mise ag tabhairt comhairle mhaith díbh’, agus ins an déireadh arsa fear aca cáide mar bh’fhíos aige nuair nach dtiocfadh leis a chluinstin ná a labhairt. “O”, arsa seisean “fuair mé an ceachtar aca nuair a bhí ár máthair ag radh seo”. Ghlac siad a chomhairle sá’n deireadh, agus chodhluigh siad ar an taoibh amuigh dé’n cháislean an oidhche sin.
    Ins an mheadhon oidhche chonnaic siad a máthair ag teacht amach agus cochan agus ola léithí fá chóinne an cáislean a dhóghadh. Bhí go maith is ní rabh go h-olc. An lá sin nuair a d’éirigh siad rinne siad suas eatorra fhéin go siubhalfadh siad leobhtha go dtiocfadh siad fhad leis an chéad chrois bhealach a chasfaidhe ortha. Shiubhal leobhtha agus ní rabh siad i bhfad go dtáinic siad fhad le crois bhealach agus rinne siad suas eatorra fhéin go rachadh duine aca gach bealach agus go gcaithfeadh siad uilig castail ár a chéile róimh bliadhain ó’n lá sin.
    D’imthigh cuid aca soir, siar agus sheasuigh an mac a b’óige annsin agus ní rabh sé i bhfad go bhfhacaidh sé éinin beag ag eitéail thart. Rinne sé suas a inntinn go leanfadh sé do’n éinin bheag seo. Lean sé do go rabh neoin bheag agus deireadh an lae ann, agus chuaidh sé fhad le teach. Chuaidh an gasúr isteach agus bhí fáilte mhór ag an bhean roimhe agus dubhairt sí nach bhfhacaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0329: Hiding from the Devil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Laithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Úr, Co. Dhún na nGall