Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Scéal -Tomás Beag na hOrdóige”
  4. XML “Scéal - An Clibíneach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé arais é. D'imthigh sé méid a a bhí in a chorp agus níor phián (?) sé le na phaca a thabhairt leis. Tháinig Tomas Beag amach agus thúg sé leis paca an fhir agus d'íol sé na rudaí a bhí ann. Tháinig sé arais chuig Brighid Bhéág agus lán bocsa airgid leis chuicí. Bhí luthgháir mhór ar Bhrighid roimhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí lánamhain ann uair amháín agus bhí seachtar mac aca. Ní raibh a dhath aca do shlighe beatha acht iasgaireacht. Bhí droch shéásur ann an bhliadhain seo agus ní thiocfadh leobhtha iasgaireacht fhéin a dhéanadh. Ar fhear dó'n téaghlach bhí fear ann nach dtiocfadh leis labhairt, nó a chluinstín. Bhí siad síos go mor sa'n t-saoghal, agus ní rabh a dhath aca le h-ithe.
    Aon lá amháin, nuair a bhí na mic uilig amuigh ag seilg, ní rabh aon n-duine istigh acht an bhean agus an fear agus an mac b'óige, an fear nach dtiocfadh leis labhairt nó cluinstin. Dubhairt an bhean go gcaithfeadh siad deanadh ar shiubhal leis na mic agus nuair a bhéádh déanta ar shiubhal leis na mic, nach mbéadh aca acht iad fhéín annsin agus gur bh'fhuras iad féín a thógail. Sa'n am a bhí sí ag cainnt ar seo, caidé a fuair an fear nach dtiocfadh leis labhairt nó éísteacht, caidé a fuair sé, acht an chainnt agus an éísteacht. Ní rabh fhíos ag an mháthair a dháth agus thóisigh sí a innse caidé a dheanfadh sí.
    Bhí cáislean ar an taoibh thall do'n teach agus go gcuirfeadh sí iad istach ins an cháislean sá'n oidhche a chodladh, agus nuair a gheobhadh sí iad in a gcodhladh thiocfadh léithí a ghabhail amach sá'n mheadhon oidhche agus an teach a dhóghadh. Bhí an gasúr ag leigean air fhéín nach dtiocfadh leis a dhath a chluinstin. Nuair a tháinic a chuid dearbhrathaireacha 'un a bhaile d'innis a máthair dobhtha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0329: Hiding from the Devil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Laithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Úr, Co. Dhún na nGall