Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an fear uasal. Dubhairt an athair nach rabh fhios aige. “Fiachfhaidh mise anocht é”, ars an fear uasal. “Cuirfidh mé dhá bheathach amach sá chuibhreann, agus beirt fhear leobhtha, agus mur ngoidfí sé ceann de na bheathaigh, bainfhidh mé an ceann de”.
Tháinig an t-athair ‘na bhaile an oidhche sin, agus d’innis sé do Seán caidé mar bhí, “maith go leór” arsa Seán “fiachfhaidh mise leis”.
Maidin la thar na bharach chuaidh sé ina bhaile mhóir, agus cheannuigh sé dhá choinín bhreaca. Tháinig sé fhad leis an chuibhreann, agus leig sé ar shiubhal ceann de na coinín, agus rith fear aca ‘na dhiaidh.
Leig sé ar shiubhal an ceann eile, agus rith an fear eile ‘na dhiaidh. Nuair a fuair sé an dá fhear ar shiubhal rith sé agus bhain sé na beathaigh amach as an t-seisreach, agus thug sé ‘na bhaile chuig a athar iad.
Maidín lá thar na bharach, cuaidh an t-athair síos chuig an fhear uasal. Ars seisean “tcín go bhfuil páirt mhaith de’n cheird ag Seán. Cuirfhidh mé beathach isteach sa stábla, agus marcach(leanann ar an chéad leathanach eile)