Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 215

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 215
  3. XML “Caisleán na dTuath”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtí Téicheadh na h-Iarlaí.
    Thug an chead Séamus Caisleán na Tuaithe (C. na dTuath) agus na tailte thart timcheall air do Shasanach darbh ainm Seán Dáibhir. Seal gearr i ndiaidh sin dhíol an fear seo é le Sasanach eile agus sa deireadh ins an 19adh aois fuair na Stíobhartaigh é. Bhí sé aca go dtí go dtug siad suas a rabh de thalamh aca do Coimisiún Talamh na h-Éireann.
    Fuair na Gaedhil seilbh ar an Chaisleán ins an Éirghe Amach agus ba annsin a thainig Eoghan Ruadh Ó Néíll i dtír san bhliadhain 1642. D'fhan an Chaisleán fé ceannas na nGaedheal go dtí'n bhliain 1650 nuair a d'ionnsuigh an Ridire Séarlas Coote é agus d'éirigh leis é a bhaint amach. Aran bhliadhain cheadhna rinne an Taoiseach Mac Suibhne iarracht le a fhághail arais, ach theip air.
    Ba é "Maol Muire an Bhata Bhuidhe" an taoiseach deireannach de Chlann tSuibhne a chómnuidhe san Caisleán. Bhí droch chlú aige san cheanntar siocar cómh tíorántach agus a bhí sé. Deirtear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge