Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Mac an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mac an Ríogh.
    Chuaidh mac Ríogh Éireann agus a dhearthair amach ag seilg uair san gheimhreadh. Char chas rud ar bith leo acht fiach dubh. Sgaoil mac an Ríogh urchar leis an fhiach dubh agus mharbhuigh sé é. Thuit an t-éan anuas ar an sneachta. Bhí an sneachta dearg le na chuid fola. Nuair chonnaic an dearthair an dath dearg ar an sneachta geal dubhairt sé na bpósfadh sé bean ar bith go deo acht bean a mbéadh a gruag chomh dubh leis an fhiach agus a gruadh comh dearg leis an fhuil a bhí ar an sneachta. D’imthigh sé leis annsin agus bhí sé ag siubhal leis gur thuit an oidhche air. Fa dheireadh chonnaic sé solas i bhfad uaidh. Tharraing sé air agus chonnaic sé rabh an solas i dtigh beag ar taobh an bhothair. Bhuail sé ar an doras. Leig muinntear an tighe isteach é agus cuireadar céad míle fáilte roimhe
    D’fhan sé leo an oidhche sin. Oidhche Dé Sathairn do b’eadh é. Nuair a d’éirigh sé ar maidín chuaidh sé féin agus muinntear an tighe go dtí an séipéal. Nuair tháinig siad go dtí an séipéal bhí fear marbh in a luighe ag an doras. Nuair a bhí na daoine ag dul isteach san séipéal bhuail gach duine aca cas ar an fear marbh. Níor dhíol sé a fhiache arsa na daoine, agus fanfadh sé annsin go n-íacaidh duine éiginteacht a fiacha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.