Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 67

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 67

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 67
  3. XML “Scéal fán Dreoilín”
  4. XML “Scéal fá Íosa, Muire agus Ioseph”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    arbhair chuir siad ceist ortha an bhfaca siad Íosa. Dubhairt siad go bhfaca siad é an lá a cuireadh an t-arbhar. Shíl na saighdiúirí gur b'é sin cúpla mí ó shoin. Acht bhí dreoilín ins an arbhar agus dubhairt sé gur inde a cuireadh é agus bhí fhios aca annsin nach rabh Íosa i bhfad ar shiubhail agus lean siad é agus ghabh siad é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí Íosa, Muire agus Ioseph ag siubhail ar an bhelach mhór lá agus thainic cuid saighdiúirí Herod ortha ag iarraidh Íosa do chur chun báis. Thóg Muire léithe an leanbh agus theich sí. Tháinig sí fhad le teach agus d'iarr ortha lóistín a thabhairt dobhtha acht dhiúltaigh siad í. Dhúiltigh í i gcúpla teach. Annsin tháinig sí fhad le teach a rabh leanbh beag ann agus bhí aicid creathnach air. D'iarr Muire loistín sa teach sin agus thug siad loistín dóbhtha agus nuair a chonnaic Muire an aicíd a bhí ar an leanbh bhí truagh aicí dó'n már mháthair agus fuair Muire uisce te agus nigh sí Íosa ann. Ansin d'iarr sí ar an mháthair an leanbh a rabh an aicid air a nigheadh ann. Nuair a rinne sí sin d'imthigh an aicid go h-uile. D'fhan Muire agus Íosa cúpla lá. Dubhairt Íosa annsin go dtabharfadh sé Grásta Dé dó'n teaghlach a thug loistín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.