Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 2

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 2

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 2
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    eagla ar bith air. Dubhairt an taidhbhse annsin gur sin an cineál fir a bhí a dhíth airsean nó gur iomdha fear a mharbhuigh seisean annsin cionnus 'ur nach labhairfeadh sé leis. D'innis sé annsin gur eisean athair an fhir ar leis an chaisleán sin agus go rabh sé marbh anois le cúig bliadhna. Dubhairt sé go dearn fear darbh ainm Reid a bhí 'na chomhnuidhe in aice na háite dún-mharbhadh air. Dubhairt sé nach bhfuigheadh sé suaimhneas go deo go mbéadh sáseamh aige as Reid. D'innis sé dó Sheán cá rabh sé curtha agus d'iarr sé air an sgéal uilig a innse dó na mhac. Gheall Seán go n-innseóchadh sé é. Annsin thug an taidhbhse éadach beag dó agus dubhairt sé nuair a spréithí é sin go dtiocfadh go leór bídh agus dighe air. D'imthigh sé annsin.
    Ar maidín tháinig an maighistear isteach agus bá mhór a iongantas deiceal nach dtáinig rud ar Sheán. Dubhairt sé gur eisean an chead fhear a d'fhág sé ag coimhead an chaisleáin sin a fuair sé beo ar maidín, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eithne Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cathal Ua Ceallaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall