Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Daoine Cáileamhla.
    Bhí daoine iongantach láidir in Éirinn i bhfad o shoin. Bhí cuid acu agus bhí siad ábalta dha chlóch a bheadh céad meadhchain de meadhcain ionnta ariamh. Bhí cuid eile agus rachadh siad amach a snámh in fhárraige gharbh ar bíth. Bhí fear i mbáile an t-Shléibhe darbh’ ainm Brian Mac Giolla Bhríghde agus lá amháin d’fhág sé a theach agus shiubhail sé go Doire agus arais i dha lá. Tá Seamus O Gallchobair as Doire an Chasáin Na Dúnaibh, Tír Chonaill iongantach maith ag damhsa agus ag ceól. Tá fear eile thíos in nDumhaigh darbh’ ainm Seán Ó Siadhail, agus ta sé iongantach maith ag seoltóireacht. Bhí fear eile darbh’ ainm, Seán Ó Dochartaigh, Carraic, Carraic Áirt Tir Chonaill. Bhí iongantach maith ag spealadóireacht. Ghéarr sé síos cuibhreinn in a rabh ceithre acraí ann i lá amháin. Bhí dearbhrathair aige darbh ainm, Éamonn Ó Dochartaigh, Carraic, Carraic Áirt Tír Chonaill. Bhí sé a gcomhnuidhe tugtha de dhamhsadh agus de cheol, agus dhamhsaigh sé an oiread sin go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.