Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 263
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am fadh ó bí an paroíste seo uilig faoi Mac Suibhne na dTuath, acht nuair a bhí an cogadh mhór thart san bliadhain 1603, sé Maolmuire an Bhata Bhuidhe a bhí mar ceann uarraidh ar an áit uilig. Tar eis imtheacht na h-Iarla san bliadhain 1607 agus nuair a cuireadh síos éirigh amach an Ó Dochortaigh san bhliadhain 1608 bhí an fear uasal deireanach de'n sean gaedheal ar lar annsin agus connacthas do Rí Shasan annsin go dtáinic an t-am le na muintear feín a dhíol go maith.Ar an adhbhar sin fuair se greim ar talamh de Cúige Uladh agus thoisigh sé ag rannadh e idir daoine as Sasan agus Alban. Cuireadh an tóir ar Mhaolmhuire an Bhata Bhuidhe as Chaisleán na dTuath, agus cha rabh faghthu aige as an roinnte mór talaimh a bhí faoi, act amháin Coran Binne agus giota beag talam comhgarach de. Sé duine uasal as Sasan dar ainm Sanford a fuair an caisleán agus roinnt maith talaimh thart fa dtaob do. Tá leach os cionn uaigh na daoine seo a bheith le feiceal san sean-roiligh i n-aice an Chaisleaín go foil.Acht sé na HARTES a bhí mar tighearnaí thalaimh san caisleán síos go dtí an bliadhain 1866. San bliadhain sin dhíol na Hartes an caisleán agus sé Stúbhairt as an Ards a ceannachg e. Bhí an Caislean agus an talaimh a bhí leis le na Stubhairtí síos go dtí an bliadhain 1924 nuair cheannuigh Comisiúin an Talaimh e. De reir Seanacus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)