Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Seanáiteacha i gCluain Dá Chorcach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean áiteacha i gCluan Dá Chorcaigh
    Toisighochaidh mé le Corain Bhinne an áit a rugadh me.

    AN TEAC MÓR
    Sé Maolmuire an Bhata Bhuidhe a thog e an chéad uair. Tá fhios againn go maith gur cuidigh Maolmuire Mac Suibhne - an toiseach deireanac de Clann Mhic Suibhne a mhair i gCaislean na dTuaith - le na Sasanaigbh i n-eadan Aod Ruadh O Domhnaill agus i n-eadan Catáir O Dochartaigh. Tá sin uilig ins an chéad leabhar a scríobh me, acht nuair a bhí cogadh thart agus nuair ní rabh maith ar bith i Maolmuire dobhtha nios fuide, chuir siad an tóir air amach as Caisleán na Tuath. Bhain siad a chuid talaimh uilig ua acht amhain 1,500 acra talaimh i gCorain Binne agus thart fad taob do, thairligh sin ins an bliadhain 1611. Thog Maolmuire an teach sin ins an Corain Binne a bhfuil an "Teach Mór" ar anois. Bhí se na chomhnuide san teach sin ins an bliadhain 1632, agus cuir an Rí an Dlíghe air an bliadhain sin.
    Is cosamhail go rabh Maolmuire no a Clann nar gcomhnuidhe go rabh an éirigh amach niór san bliadhai 1641 ann, acht na dhiaidh sin níl focal eile a bheith le cloinsteal fa dtaob do na Mhic Shuibhne agus is cosamhail gur cuir Cromal an tóir orthú amach as Chorain Bhinne. Nuair a cuireadh deireadh leis an coagadh mór sin ins an bliadhain 1652 sé le fear dar ainm Sampson a bhí an "teach mór" annsin. Conbhuigh siadsan e go dtí an bliadhain 1700, nuair a cheannuigh an Captaoin Ó Stubhairt é. Bhí an "Teac Mhór" le na Clann Stubairt go dtí an bliadhain 1926 nuar a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cluain Dá Chorcach, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)