Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 194
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 194
- XML “An tSeanbhean Bhocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Sean Bhean Bhocht
[Is iontach an rud e gidh go bhfuil sgealta go leor ag na daoine thart fa'n pharóiste seo, níl moran amhrain maithe acu. Gid gur maith leobhtha cheol agus amhraineacht agus damhsaí, níl moran maith ins na h-amhrain atá acu. Tá mé ag cur síos annseo beirt nó triúir amhráin le teistint an seort atá acu. An chéad cheann fuair mé e o fhear dar ainm Seárlus o Rodain as Doire Fada. Tá Gaedhilg mhaith ag Shearlus. Tá sé idir 60 agus 70 bliadhna de aois. Níl moran maith ann ag gabhail cheoil acht corr uair nuair a bheas cupla gloinne ólta aige, bad gnathach leis cupla amhrain a sheinm annsin.]
I
Is truagh gan suas sa bhád agam,
Mo shean bhean bhocht,
Is truagh gan suas sa bhád agam agus do dhá chos i nairde
ba deas na rámhaí bhaid
a dheanfeadh mo shean bhean bhocht.
II
Is truagh gan shuas sa cheardcha agam,
Mo shean bhean bhocht,
Is truagh gan shuas sa cheardcha agus crudacha ar do shálaí
Budh deas an capall rása
A dheanfeadh mo shean bhean bhocht.
III
Is truagh gan shuas san mhuillean agam,
Mo shean bhean bhocht,
Is truagh gan shuas san mhuillean agus do chúl le sac na mine,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seárlus Ó Rodain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Doire Fada, Co. Dhún na nGall