Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “An Chéad Taibhse a Chuala mé”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ceann anocht agus bhí sé an oidhche a d'innis Seán an sgeal. Seanfhear fa thuairm 75 bliadhnta de aois a bhí i Seán ag an am agus dubhairt se go rabh sé níos mó 50 bliahnta ó tharluigh an rud sin dó agus ar an adhbhar sin tá sé níos mó nó 90 bliadhnta ó thainic an taidhbhse air, agus seo an sgeál a d'innis Seán:-

    "A bhfad, a bhfad ó shoin nuair a bhí me óg, níos mó no dhó scor go leith bliadhain ó shíon nuair a bhí mé óg, níos mó no dhó scor go leith bhliadhain ó shoin is annamh teach a bhí clog ann ag an am sin. Tratnóna deas amháin bhí mé amuigh ins an phurtach ag croigheann mhoin. D'fán mé go rabh sé ag eirigh mall. D fág mé annsin agus dubhairt me liom go n-éiriocainn go bréagh luath ar maidin agus go mbeadh na mona uilig suas agam sul a dtiocfadh an trathnona. Tháinic me na bhaile, fuair mé greim le h-ithte agus chuaidh me na luighe agus i gcúig bomaite bhí me mo chodladh. Sé mí iúil a bhí ann, bhí an aimsear maith an lán ghealach ann, ni fhuil fhios agam cá fhad a abhí me mo chodladh acht mhusgail mé agus arsa mise liom féin "Tá an maidín ann agus badh comhair domh a bheith san phurtach a bhfad o shion; leim mé amach as an leabaidh, chuir me orm mo chuid eadach, fuair mé bamhal bhainne agus plaic arain a bhí ar an dreísiur. Shlug me iad siar agus amach liom. Bhí gealach lan ann agus speir glan agus shaoil me gurb e an maidín a bhí ann áit sin sé lar na h-oidhche a bhí ann. Shiubhail me liom comh gasta agus thainic liom agus níor stad mé go rabh me ins an phurtach agus thoisigh me ag obair. Bhí Lug an Thairbh fa thuairm ceathramhadh míle uaim acht char smaointeadh mé air ar scor ar bith. Nuair a bhí trí na ceathar croogeannaí (?) deánta agam thainic seort eagla orm agus stad me agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 75