School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (C.)
- XML Page 218
- XML “Cú Chulainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ba mhaith an mháise do Cuchulann. Steall sé an ceann de sa deireadh. Chodhluigh sé ag an t-sean dhuine an oidhche sin arist, agus ar maidin an tríomhadh lá ghread sé soir chuig chúirt arist. Nuair a chuaidh sé suas go dtí’n doras chonnaic sé an cailín ‘na seasamh ins an doras. Chuir sé ceist uirthi goidé ba chiall do’n gol. “Tá mé ag gol fa dtaobh duit-sé”. Nuair a thiocfas an fear mór abhaile bainfidh sé an ceann díot” Chá bhaineann sé an ceann díom-sa gan fiachailt maith”. Chá dtiocfadh leat buaidh fhághail air ná níl sé le marbhughadh choidhche go marbhóchaidh a anamh féin é agus níl a anam ins an colann ar chor ar bith acht gabh tusa i bhfolach anocht agus b’feidir go bhfuighinn sé amach cá bhfuil a anam”. D’imtigh Cuchulann i bhfolach agus chá rabh i bhfad go dtáinig an fear mór.
Nuair a shuidh sé síos ar an chathaoir agus leig sé osna as, “caithfidh sé ar seisean go bhfuil Cuchulann ar an oileán seo”. “Goidé bheireann ort sin a radh” ar sise. “Níl an coisceim a d’thug mé ó d’fhág mé an Domhan Thoir na’r chaill mé láidireacht fir”. “Tá sin olc go leór” ar sise. “Acht ar ndóigh níl tú le(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Fearadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Craoslach, Co. Dhún na nGall