Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)

Suíomh:
Más an Easa, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Cholchuin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Más an Easa (C.)
  2. XML Leathanach 217
  3. XML “Cú Chulainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhad leó chá dtáinig sé aris”. “C’ainm iad arsa Cuchulann. Tá fear ann a dtabhrann siad an Gar
    Garbhaile air agus Dragaoin Truanta ar an fear eile”. Chuala mé iomradh ortha arsa Cuchulann acht chá’n fhaca mé ariamh iad”. D’fhan sé ag an sean-dhuine an oidhche sin, agus ar maidin lá ar an bharach thug sé a aghaidh ar chúirt athara. An chéad fear a casadh air an Gar Garbhaile. Chuir sé ceist ar Cuchulann cé h-é ná goidé a gnaitheach an bealach sin. Dubhairt sé nach ar a ghach de a ghnaithe é. “Sompla bhocht” ar seisean le Cuchulann “béidh do cheann ar fhear de’s na speic sin thuas”. Chá bhíonn arsa Cuchulann ná thig liom é shábhail”.
    Thosuigh an bheirt ar a chéile agus throid siad leobhtha go rabh nóin agus deireadh an lae ann. D’éirigh Cuchulann ar a chois dheis agus bhuail sé buille amháin de na chlaidheamh air agus steall sé an cheann de’n colann.
    Tháinig sé aris an oidhche sin chuig an t-sean dhuine agus d’innis sé dó goidé mar bhí. Chuaidh sé lá ar na bharach arist agus casadh an Dragaoin Truanta air, agus níl an bhuille a rabh siad ag bualadh ar a chéile nach deacha go dtí’n cnámh agus ó-n cnámh go dtí’n smior
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Fearadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Craoslach, Co. Dhún na nGall