Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Cholchuin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (C.)
- XML Leathanach 215
- XML “Cú Chulainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin agus cailín 'na suidhe. Bhí fathach mór 'na sheasamh uirthi. Shín sé amach acara agus thóg sé isteach an cailín ar an luing agus thiompuigh sé ar shiubhal na fairrge arís.
Bheathadhaigh shaluigh" arsa Cuchulainn "da mbeithra ar thalamh tirim i n-áit a bheith ar bhord luinge chá déanfa an rud a rinne tú."
"Shomala bhocht ar seisean le Cuchulainn goidé thiocfadh leat-sa dhéanamh. Dá mbeithea ar an charraig seo bheirfinn fios duit, ag éirigh agus ag caitheamh caman air agus bhris sé trí easna. D'imthigh a long leithi na fairrge agus tháinig Cuchulainn abhaile agus ghlac sé a leabaidh, agus chá rabh a fhios ag duine ar bith goidé bhí air. Bhí dochtúirí as gach áit ag teacht ag amharc air agus chá dtiocfa le fear ar bith innsint goidé bhí air. Bhí sean dochtúir san áit agus tháinig seisean ag amharc air. "Tcír domh-sa" ar seisean gur i ngrádh atá tú. An tú an buachaill ar thóg an fathach an cailí˜uaidh." "is mé an fear ceadna arsa Cuculainn." Acht tá a fhios agam an fathach agus cé'n áit a bhfuil sé 'na chomhnuidhe. Tá seoladóireacht seacht mbiadhna go dtí'n áit acht tá bád ag cailleach na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Fearadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Craoslach, Co. Dhún na nGall